|
|
Ceist na Gaeilge san Olltoghchán
Agus Olltoghchán ar na bacáin, tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag eagrú seimineár poiblí ar an 3 Feabhra chun ceist na Gaeilge a chur ar chlár oibre na bpáirtithe polaitíochta go léir. Ar lean
|
|
|
Ná bac leis an nGaeilge- Childers
Tá Gaeilgeoirí ar buile tar éis gur cheistigh an Feisire Eorpach Nessa Childers na costais a bhaineann le cáipéisí a aistriú go Gaeilge san Aontas Eorpach. Ar Lean
|
|
|
Aiséirí na hAchainí ar líne
Ceaptar gurb iad na meáin úra agus Facebook is cúis le borradh suime arís in achainí ar líne a seoladh den chéad uair cúig bliana ó shin i gcoinne bheartas Fhine Gael i leith na Gaeilge. Ar Lean
|
|
|
Gilmore ag tacú leis an nGaeilge
Dheimhnigh Éamon Gilmore, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, do thoscaireacht Chonradh na Gaeilge go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun seasamh le pobal na teanga agus an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste. Ar Lean
|
|
|
Cainteoirí misniúla fógartha ar chlár IMBOLC Beidh Dónal Lunny ar dhuine de na haíonna a bheidh ag caint ag Imbolc, comhdháil Ghaeilge a bheidh ar siúl i nGaeltacht Mhúscraí ar 12 Feabhra. Ar Lean
An béal beo le plé ag Scoil Gheimhridh Mherriman Pléifear saothar na ndeartháireacha Ciarán agus Brian Uí Nualláin ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman a bheidh ar siúl i gCathair na Gaillimhe ag deireadh na seachtaine. Ar Lean
An Ghaeilge agus forbairt na tíre Seolfaidh an tOllamh Peadar Kirby leabhar nua le Dr John Walsh, ‘Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-Economic Development’ i gCathair na Gaillimhe ag deireadh na seachtaine. Ar Lean
Seimineár Gairmeacha le teacht go Ceatharlach Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag eagrú seimineáir darb ainm ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ do dhaoine óga i gCeatharlach ar an Déardaoin, 24 Márta 2011. Ar Lean
Dlúthdhiosca úr le Máire Ní Choilm le buachan An tseachtain seo, beidh deis iontach ag beirt cóip de dhlúthdhiosca le Mháire Ní Choilm a bhuachan. Ar Lean
|
Fógraí Poiblí/ Public Notices |
|
|
|
|
|
|
AróConnect |
 |
Baile | Faoin gComhdháil| Teagmháil
Seol scéalta nuachta, aiseolas, grianghraif nó fógraí poiblí don chéad nuachtlitir eile chuig eolas@gaelport.com.
Send news stories, photos or notices for the next newsletter to eolas@gaelport.com
Is le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge a chuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an nuachtlitir seo ar fáíl. |
|
|
|
|