Gaelport Ezine
Eolas

Príomhscéalta

 

Pleananna Teanga agus Polasaí Rialtais le plé ag Tóstal na Gaeilge

Tá athruithe suntasacha i ndán don Ghaeltacht  i mbliana le feidhmiú an phróisis pleanála teanga agus beidh impleachtaí agus mionsonraí an bheartais seo á bplé go mion ag an bpobal ag Tóstal na Gaeilge Dé Sathairn seo chugainn. Ar Lean

Bláthnaid Ó Brádaigh insealbhaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2013

Rinneadh Bláthnaid Ó Brádaigh a insealbhú mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2013 an tseachtain seo caite i gCultúrlann na hÉireann, Baile na Manach, Baile Átha Cliath. Ar Lean

Ceart Cultúrtha an Pháiste faoi chaibidil ag Comhdháil Mheitheal na mBeag

Tá an scáthghrúpa ‘Meitheal na mBeag’ ag eagrú comhdhála dar teideal ‘Ceart Cultúrtha an Pháiste’ bunaithe ar Airteagal 31 de Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Ar Lean

12 - 26 Feabhra 2013

Twitter Facebook
RSS Youtube
Person Email
An Fáinne
 
Is féidir Fáinne Óir nó Fáinne Airgid a cheannach ag www.fainne.ie.
 Ar Lean | Read More
Nuacht na hEarnála

Sceideal na gclár Gaeilge ar fáil anois
Tugtar léargas ar líon agus éagsúlacht na gclár Gaeilge atá le cloisteáil ar 54 stáisiún raidió fud fad na tíre sa sceideal nua atá foilsithe ag an tseirbhís eolais ‘Cogar’.
Ar Lean

Deiseanna do theagascóirí Gaeilge i gCeanada
Ó Thalamh an Éisc go sráideanna ceolmhara Montreal, tá deiseanna le tapú ag teagascóirí a bhfuil scoth na Gaeilge acu ar chlár Gaeilge Fondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada sa bhliain 2013.
Ar Lean

Cuimhní cinn ar Oireachtas Chluain Dolcáin 1991
Sa bhliain 1991 bhí Oireachtas na Gaeilge ar siúl i gCluain Dolcáin agus mar chomóradh ar Oireachtas 1991, beidh muintir Chronáin ag ceiliúradh na hócáide seo le ‘Tionól na Gaeilge’ in Áras Chrónáin ar an Satharn, 23 Feabhra 2013.
Ar Lean

Dlúthdhioscaí den scoth le buachan
Anois teacht an Earraigh beidh deis iontach ag duine dhá dhlúthdhiosca le neart port agus sean-nóis orthu a bhuachan.
Ar Lean

Comórtas Peile Pháidí Uí Shé
Beidh Comórtas Peile Pháidí Uí Shé á reáchtáil i gCorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí i gceann coicíse.
Ar Lean

Deireadh Seachtaine Cuimhneachán Mhico Russell

Taobh istigh de choicís beidh comóradh mór ar siúl in iarthar an Chláir in onóir don cheoltóir clúiteach Mico Russell le himeachtaí á reáchtáil in Ionad Mhico Russell agus i dtithe tábhairne éagsúla sa cheantar ón 22-24 Feabhra 2013. Ar Lean

Scéim deontais €15,000 fógartha ag Rith
Fógraíodh an scéim nua le déanaí a chuirfidh cúnamh airgeadais ar fáil do thionscnaimh Ghaeilge éagsúla ar fud na tíre idir imeachtaí ghrúpaí Gaeilge agus chláir úra choistí phobail ar mian leo tionscnaimh Ghaeilge a bhunú i measc a gcomhluadair.
Ar Lean

Rannpháirtithe á lorg le haghaidh clár úr TG4
Tá an comhlacht léiriúcháin Stirling TV ag lorg rannpháirtithe le Gaeilge ar mhian leo airgead breise a dhéanamh trí spás breise a chruthú ina dtithe.
Ar Lean

Folúntais

Óstach/Treoraí á lorg-Maigh Eo

Cúntóir Teanga á lorg-Maigh Eo

Intéirneacht Iarchéime, Foclóir na Nua-Ghaeilge

Feidhmeannach á lorg ag Gaelscoileanna

Cartlann

Nuacht
is Deanai
Feilire

Foluntais

Cursai

Rogha na Seachtaine
Físeán - Craoltóireacht raidió sa ré dhigiteach
 
Cloisfear roinnt tuairimí san fhíseán seo ó mhic léinn a ghlac páirt sa cheardlann 'Ar bharr an sceidil: Craoltóireacht sa ré dhigiteach'.

Ar Lean | Read More

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill
 
Tá iarratais á nglacadh faoi láthair don mhórchomórtas dátheangach seo agus is é 15 Márta 2013 an spriocdháta d’iontrálacha.


Ar Lean | Read More

Pleananna teanga sa Ghaeltacht
 
Cuirfear tús an mhí seo le próiseas le plean teanga a ullmhú i dtrí limistéar Gaeltachta.


 Ar Lean | Read More
Cartlann

Nuacht
is Deanai
Feilire

Foluntais

Cursai

Rogha na Seachtaine
Foras Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 6794780| eolas@gaelport.com | www.gaelport.com |Facebook |Twitter
[Díliostáil/Unsubscribe]
Foras